Sonraí na Scéime
Faoiseamh
Cánach le haghaidh Tithe Cónaithe
Úinéir-Áititheoir:
Tá faoiseamh cánach le fáil
do dhaoine maidir le costas tógála/athchóirithe
caite ar tithe cónaithe áirithe i
gceantair cháilithe thuaithe. Tá asbhaint
de 5% le fáil ar mhaithe le caiteachas
tógála agus 10% le fáil ar mhaithe
le caiteachas athchóirithe. Caithfidh duine a bheith
ina chonaí i dteach mar a p(h)ríomhbhaile
le haghaidh 10 mbliana ionas nach mbeidh air cuid den fhaoiseamh
a thabhairt ar ais.
Sampla d'Úinéir-Áititheoir
Infheisteoirí:
Tá faoiseamh cánach le fáil
ag infheisteoirí atá i mbun tithe cónaithe
áirithe a chur ar fáil sna ceantair cáilithe
tuaithe. Tá faoiseamh le fáil chomh maith le haghaidh
caiteachas íoctha
ar athrucháin/athchóiriú
ar
fhoirgnimh áirithe chun iad a athrú go tithe
conaithe.
Ionas nach mbeidh ar infheisteoirí
cuid den fhaoiseamh a chailliúint caithfidh an teach
a bheith ligthe
amach ar cíos ar feadh tréimhse
10 mbliana, gan tréimhsí folamha a chur san áireamh.
Caithfidh léasanna
a bheith trí mhí ar a laghadh agus ní foláir
don teach bheith mar an t-aon bhaile atá ag an tionónta
ar feadh tréimshe an léasa.
Sampla den Fhaoiseamh Cánach
do Thithe Cónaithe ar Cíos
| Costas an Tí |
€260,000.00 |
| |
|
| Faoiseamh Cánach do Thithe Cónaithe
ar Cíos |
€210,000.00. |
| Ioncam
Cíosa ón teach (lúide caiteachas)
sa bhliain |
€7000.00 |
| Ioncam cíosa eile in Eirinn
m.s. talamh (lúide caiteachas) |
€3000.00 |
| Faoiseamh a thabhairt ar aghaidh go dtí
an chéad bhliain eile. |
€200,000.00 |
| |
|
Íoslódáil Bróisiúir don Scéim
Athnuachán Tuaithe
Cé a ghnóthóidh?
Ón bhfaoiseamh cánach:
Infheisteoirí i
bhfoirgnimh tionscail agus tráchtála chomh
maith le tithe cónaithe a cháilíonn don
scéim. Tiarnaí talún sna ceantair
ainmnithe tuaithe. Úinéir-Áititheoirí
de títhe cónaithe áirithe sna ceantaír
ainmnithe tuaithe.
Ón scéim go ginearálta:
Pobal na mbailte sna ceantair ainmnithe ón athnuachan
tuaithe agus an infheistíocht dá bharr sin. Cabhróidh
sé le fostaíocht i gceantair áirithe in
Éirinn a mhéadú agus a spreagadh.
Cé na ceantair atá
cáilithe?
38 ceantar i gContae an Chabháin
Contae Liatroma ar fad
Contae Longfoirt ar fad
77 ceantar i gContae Ros Comáin
35 ceantar i gContae Shligigh
Cathain a bheidh na liúntais
i
bhfeidhm?
Faoiseamh cánach le haghaidh Gnóthaí
(Forgnimh Tionsclaíachta agus Aitribh
Tráchtála). Beidh liúntais i bhfeidhm
i gcás caiteachais cáilithe san tréimhse
ón 1 Iúil 1999 go dtí 31 Nollaig 2006.
Infheisteoirí:
Tá an asbhaint
i bhfeidhm maidir le caiteachas cáilithe íoctha
sa tréimhse ó 1 Meitheamh 1998 go dtí 31
Nollaig 2006.
Úinéir-Áititheoir:
Tá an faoiseamh le fáil maidir
le caiteachas cáilithe íoctha sa tréimhse
ón 6 Áibréain go dtí an 31 Nollaig
2006.
Fadú don Scéim
Athnuachan Tuaithe
Tá fad curtha ag an Rialtas
leis an scéim go dtí an 31 Nollaig 2006 ag cur
níos mó ama ar fáil do thíthe cáilíochta
a bhaint amach. Cuireadh an scéim ar bhun ionas
go bhfeabhsófaí an staid eacnamaíochta
agus sóisialta sna ceantair ainmnithe le linn na tréimhse
píolóta. Tá cuid mhaith de na tithe
atá idir lámha againn páirteach sa Scéim
Athnuachán Tuaithe. Faigh amach ó do
Chomhairleoir Neamhspléach Airgeadais an chaoi inar
féidir leis an scéim cabhrú leat. Tá
sonraí breise le fáil ó http://www.revenue.ie/services/urban_rural.htm