English VersionIrish Language Version
home property listing rural renewal scheme auctioneering agents buying and selling tips careers with REMAX contact us

Cuirimid réimse leathan de seirbhísí maoine ar fáil:

GLIOGÁIL ANSEO
Chun ár Liosta Iomlán Maoine a fháil

 

Treoir do Ghairmeacha le RE/MAX

Fostaíonn RE/MAX na ceantálaithe is rathúla, agus leis an taithí is mó, sa ghnó ceantálaíochta. Mar bhall den fhoireann RE/MAX, beidh clú agus cáil ort de bharr na sárseirbhíse a sholathraíonn tú.

Is clú é sin atá tuillte go maith. Tá sé cruthaithe ag RE/MAX go meadaíonn na ceantálaithe is fearr a gcion féin den mhargadh nuair a oibríonn siad le comhoibrithe maithe eile. Ní haon ionadh é gurb ionann an t-ainm "RE/MAX" agus 'dul chun cinn' i mbéal a lán daoine.

Is é do leas an príomhchúram atá ar RE/MAX. Is ionann do chuid spriocanna agus spriocanna seo againne. Mar sin oibrimid go dian chun gach tacaíocht agus seirbhís a thabhairt duit ionas go mbeidh tú i measc na gceantálaithe is fearr sa tír.

Tugaimid cuireadh duit na buntáistí a bhaineann le bhallraíocht RE/MAX a scrudú.

Buntáistí Bhallraíochta

Clú naisiúnta agus idirnaisiúnta

Gan dabht is é an buntáiste is luachmhaire de bheith i do bhall ná an t-ainm RE/MAX féin. Tá aithne ar fud an domhain ar an ainm RE/MAX chomh maith leis an lógó trádmhairc den bhalún aerthé. Dá bharr sin is muidne an córas gníomhairí eastáit is mó le rá ar domhan.

Córas atreoraithe

Ag RE/MAX atreortar leideanna gnó go minic ó cheantálaí amháin go dtí ceantálaí eile. Chun an obair sin a dhéanamh níos easca tá CD-ROM dár Roster Explorer ar fáil do gach oifig mar threoir don chóras.

Cumarsáidí

Is mór-aidhm atá ag RE/MAX ná eolas den scoth a chur ar fáil do gach ceantálaí. Tá nuacht le feiscint i rith na bliana ar remax.com; RE/MAX Mainstreet (ár extranent); The RE/MAX Times (an príomhnuachtán maoine) agus i Meiriceá ar an RE/MAX Satellite TV Network. Tá ábhar eile i gcló againn i measc an RE/MAX Corporate Report agus an RE/MAX Satellite Network Guide.

RE/MAX Relocation

Is féidir leat coimisiúin a thuilleamh ón nasc le RE/MAX International Relocation Services. Tá RE/MAX i measc na 10 gcomhlacht tosaigh san tionscal atá i mbun an ghnó athlonnaithe. Bain úsáid as RE/MAX Relocation agus tiocfaidh rath ar do chuid nascanna gnó.

Clár do Sholáthróirí Ceadaithe

Tá sé tabhachtach é díoltóirí a fháil a bhfuil an méid céanna measa acu ar an ainm RE/MAX is atá agatsa. Buíochas leis an Approved Suppliers Program is féidir leat nascanna a dhéanamh leis na daoine is fearr san ghnó. Cuidíonn na sár-earraí agus seirbhísí a dhíolann na daoine sin le líon do chustaiméirí a mhéadú. Seoltar an t-eolaire RE/MAX International Showcase of Suppliers saor in aisce gach bliain chuig gach Comhlach. Is acmhainn an-mhaith é a bheith in aice láimhe agat mar threoir do Sholáthróirí Ceadaithe agus a gcuid earraí.

Teicneolaíocht

Is ceannrodaí é RE/MAX in usáid a bhaint as gach uile fhorbairt teicneolaíochta i ngnó an gníomhaireachta eastáit. Mar gheall ar fhorbairt inár bhogearraí ríomhairí is féidir lenár ngníomhairí agus oifigí feidhmiú níos fearr. Faigheann gníomhairí RE/MAX go leor leideanna ón Idirlíon mar thoradh ar an mbéim a chuireamar air ón gcéad lá.

Tá suíomh Idirlín poiblí againn dár gcustaiméirí agus ceann eile do Chomhlaigh amháin. Tá ballraíocht den suíomh seo saor in aisce agus tá neart eolais ann is féidir leis na baill a mhalartú eatarthu féin gan stró.

Fógraíocht

Caitear na milliúin euro gach bliain chun an t-ainm RE/MAX a chur chun cinn. Faigheann tusa tairbhe na fógraíochta seo go léir. Is cabhair é, don chomhlacht go h-iomlan, gach saghas iarrachta a dhéanann éinne i RE/MAX chun a iomhá féin a ardú. Go naisiúnta deántar feachtas fógraíochta an-fheiceálach ar teilifís - rud a chuireann neart agus cumas RE/MAX os comhair na ndaoine.

RE/MAX Renowned Properties

Do ghníomhairí atá ag díriú ar mhaoin le praghasanna arda a dhíol, tá rannóg speisialta ar bun anois darb ainm RE/MAX Renowned Properties. Tugann an rannóg seo go leor cabhrach do ghníomhairí atá ag obair sa mhargadh deacair seo.

Líonrú

A bheith do bhall de RE/MAX tugann sé deis duit tuairimí trádála agus leideanna gnó a chur faoi bhráid cheannairí an tionscail. Is iomaí slí inar féidir leat do ghréasán pearsanta a chothú. D'fhéadfá freastal ar an gComhdháil Idirnáisiúnta bliantúil, teagmháil a dheánamh le gníomhairí eile ar an idirlíon nó fógra le haghaidh pairtnéirí gnó a chur san RE/MAX Times. Cé acu a roghnaíonn tú tá deiseanna gan teorainn chun cumarsáid a dhéanamh le comhlaigh RE/MAX eile cosúil leatsa.

Tosaíonn na buntáistí ón tús

Nuair a chláraíonn sé le RE/MAX faigheann gach uile earcach an New Associate Packet atá lán le gach eolas riachtanach le tosú tapaigh a fháil i gcóras RE/MAX.

Ach ní ansin ach an tús. Thar na blianta tá fás tagtha ar na tairbhí atá le fáil ag Comhlaigh Díolacháin an chomhlachta. Chomh maith le tairbhí bunúsacha de bhallraíocht tugann do nasc le RE/MAX go leor eile duit. Beidh tú i dteideal dul chuig Comhdhálacha den chéad scoth agus páirt a ghlacadh i seimineáir agus cláir fhoghlama speisialta RE/MAX.

Chomh maith leis sin tugann do bhallraíocht i RE/MAX an seans duit aithne a bheith ort i measc do chomhghníomhairí buíochas le gradaim a bhronann RE/MAX. Má bhuann tú gradam ón RE/MAX 100 Percent Club, an RE/MAX Hall of Fame, nó mar sin, beidh aithne ort mar cheann de na príomhdhaoine sa ghnó.

Is iomaí buntáiste a bhaineann le bheith i do bhall de RE/MAX. Ach, mar a deir Comhlaigh RE/MAX linn, arís is arís eile, is í clann RE/MAX an príomhbhuntáiste. Cuireann rath duine amháin le rath an chomhlachta ar fad.

Chun eolas breise a fháil faoi dheiseanna gairme le RE/MAX déan teagmháil le:
THOMAS FOX
thomasmfox@remax.net
087-2074720 / 071-9144446

Nascanna Áisiúla
Cóipcheart 2007 RE/MAX Property Centre. Gach Ceart ar Cosaint - Deartha ag Brían Ó Ceallacháin